Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2021
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá an tuarascáil ar fáil thíos
Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2021
Toradh airgeadais an Státchiste do 2021
Glanchostas na mbeart cobhsaithe baincéireachta
Cuntasaíocht vóta agus bainistíocht buiséid
Ath-leithdháileadh maoiniúcháin vótáilte
Forbhreathnú ar chostas na freagartha do phaindéim Covid-19
Cistiú a fuair údaráis áitiúla ón rialtas láir
Ciste Éadálacha Imrothlach na Gníomhaireachta Tithíochta
Íocaíochtaí conartha i ndáil leis na Ionad Comhdála, Baile Átha Cliath
Cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda
Rialtacht íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Aisghabháil íocaíochtaí sochair agus cúnaimh tar éis dámhachtainí cúitimh
Tionchar airgeadais an ionsaithe cibearshlándála
Seirbhís Caomhnóra ad litem - tuarascáil leantach
Aicmiú oibrithe chun críocha ÁSPC
CBL ar Ríomhthráchtáil a bhailiú
Athbhreithnithe tréimhsiúla ar dheimhnithe imréitigh cánach á gcur ar fionraí ag na Coimisinéirí Ioncaim
Áibhéil déanta faoi thaiscí cánach neamh-leithdháilte áirithe
Fáltais ó mhótarcháin
Fáltais an Státchiste ó thicéid don Chrannchur Náisiúnta a dhíol
Bainistíocht ar an Scéim Slánaíochta Cliniciúla
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Ciste eascró Apple na hÉireann
Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann